Sa Bhreatain tráthnóna, bhí sochraid an Phrionsa Philip,Diúc Dhún Éidinn agus fear céile Bhanríon Shasana ar bun.
Bhásaigh sé an tseachtain seo caite in aois a 99 bliain.
Thart ar 30 duine a bhí ceadaithe don tseirbhís sochraide i Séipéal Naomh Seoirse, i gCaisleán Windsor, Berkshire.
Tionóladh nóiméad ciúinis ar fud na Ríocht Aontaithe sular cuireadh tús leis an tseirbhís ag a 3 a'chlog.
Garda Onóra don Phrionsa Philip
I measc na ndaoine a léirigh a n-omós ag an ócáid sin bhí Príomh Aire na Breataine, Boris Johnson, Céad Aire na hAlban Nicola Sturgeon agus Céad Aire Thuaisceart Éireann,Arlene Foster.