Tá sé dearbhaithe ag urlabhraí de chuid an Rialtais nach bhfuil aon athrú ar an gclár vacsaínithe mar atá leagtha amach.

Tuairiscíodh i nuachtán an Irish Times go raibh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly tar éis iarraidh ar fheidhmeannaigh sa Roinn fiosrú a dhéanamh faoina féidearthachtaí an t-aoisghrúpa sin a vacsaíniú ar dtús i gcoinne an choróinvíris sula dtéitear i mbun na snáthaide do dhaoine idir 30-50 bliain d'aois.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) Paul Reid níos túisce nár chuala sé aon luaidreán faoi mholtaí dá léithid.

Daoine sna seascaicí atá ag fáil na vacsaíne faoi láthair

Breis is coicís ó shin a d'fhógair an rialtas go mbeifí ag athrú an córas dáilithe vacsaíne, agus ag dul de réir aoise agus ní de réir gairme.

Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid

D'fhógair Paul Reid freisin inniu go bhfuil suas le 1,200,000 vacsaín dáilithe ar phobal an stáit seo anois.

Dúirt sé go bhfuil a gcéad vacsaín faighte ag 22% den phobal ag an tráth seo.