Tá córas coraintín óstáin do Thuaisceart Éireann fógraithe.

Is é an paisinéir féin a chaithfidh an costas 10 lá de £1,750 (€2,020) a sheasamh.

Ón Luan seo chugainn ar aghaidh, ceadófar eitiltí idirnáisiúnta isteach chuig aerfoirt sa Tuaisceart.

Aon duine a bhí lonnaithe, nó a thaisteal trí na tíortha seo atá ar an 'liosta dearg', tiocfaidh siad faoin gcóras coraintín seo.