Tuairiscítear sa Bhreatain gur taifeadadh 77 cás ansin le gairid d'athraitheach ar an gcoróinvíreas a tháinig chun cinn i dtosach san India.

B.1.617 atáthar a thabhairt ar an athraitheach nua.

Taifeadadh 73 cás den athraitheach i Sasana agus ceithre cinn in Albain.

Deir na húdaráis sláinte thall gur athraitheach é "atá á fhiosrú acu" seachas athraitheach "a bhfuil imní orthu faoi."

Os a chionne sin, áfach, tá sé tugtha le fios ag ollamh leighis in Ollscoil East Anglia, Paul Hunter, go bhfuil imní airsean faoi B.1.617.

Dúirt sé go bhfuil gnéithe den athraitheach a d'fhéadfadh cuidiú leis "éalú" ó iarrachtaí é a chloí le vacsaíní.

Ní féidir é sin a dheimhniú go fóill, a dúirt sé.