Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna go bhfuil aon duine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 420 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,831 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 242,819 duine san iomlán.

Tá 190 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 53 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 147 de na 420 cás nua, tá 41 cás sa Mhí, 33 i nDún na nGall, 26 i nGaillimh, 18 i Luimneach agus tá an 155 cás eile roinnte idir gach contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith gur bhásaigh duine eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 119 cás nua ann.

Tá 2,133 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 118,851 duine ó thús na géarchéime.

Tá 53 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, naonúr acu in aonaid dianchúraim.