Tá beirt fhear á gceistiú ag na Gardaí i nGaillimh maidir le tacsaí a fhuadach aréir.

Tuigtear gur shuigh beirt fhear isteach sa tacsaí i mBaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe ag thart ar 11.30 aréir agus d'iarr ar an tiománaí iad a thabhairt go háit eile taobh amuigh den chontae.

Deirtear gur ionsaigh an bheirt an tiománaí go gairid ina dhiaidh sin agus gur chaith siad amach ar thaobh an bhóthair é.

D'fhuadaigh siad an tacsaí ansin agus chonaic na Gardaí an gluaisteán uair éigin tar éis meán oíche i mBaile Chláir.

Lean roinnt scuadcharr na nGardaí an tacsaí agus d'éirigh leo é a stopadh ar Bhóthar na dTreabh i gcathair na Gaillimhe.

Theith na fir ón gcarr ach gabhadh iad go luath ina dhiaidh sin. Tá siad á gceistiú i gCeanncheathrú Réigiúnach na nGardaí sa Rinn Mhór i nGaillimh.

Tuigtear nár gortaíodh an tiománaí tacsaí go dona ach go bhfuil sé an-suaite.