Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach Pfizer gur dócha go mbeidh an tríú dáileog de vacsaín an chomhlachta in aghaidh Covid-19 ag teastáil ó dhaoine idir sé mhí agus dhá mhí dhéag tar éis dóibh an dara dáileog a fháil.

Thug Albert Bourla le fios freisin go mb'fhéidir go gcaithfeadh daoine an vacsaín a fháil gach bliain feasta ach nach bhféadfaí é sin a dheimhniú go fóill.

In agallamh a rinne sé le stáisiún teilifíse CNBC i Meiriceá, dúirt sé go mbeadh baint mhór ag aon athraithigh nua a thiocfadh chun cinn leis an scéal.

Faoi láthair, níl a fhios ag eolaithe cén fad atá daoine imdhíonta ar an gcoróinvíreas tar éis dóibh an vacsaín a fháil.

D'fhoilsigh Pfizer taighde níos túisce an mhí seo ina ndeirtear go gcosnaíonn an vacsaín daoine ó dhrochbhabhta den choróinvíreas 95% den am ar feadh sé mhí tar éis dóibh an dara dáileog a fháil.

Dheimhnigh Albert Bourla chomh maith go ndíolann an comhlacht an vacsaín leis na tíortha is saibhre ar domhan ar phraghas níos airde ná tíortha meánioncaim agus tíortha bochta.

Taifeadadh an t-agallamh le Albert Bourla ag tús na míosa seo agus tá sé le craoladh den chéad uair anocht ar CNBC.