Ó mhaidin inniu, is féidir le daoine atá 69 bliain d'aois coinne a dhéanamh ar líne le vacsaín in aghaidh Covid-19 a fháil.

Tá leathanach speisialta lena aghaidh seo oscailte ar shuíomh idirlín Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte óna 10 a chlog ar maidin.

Is féidir coinne a dhéanamh ar an teileafón freisin.

Faoi am lóin inniu, bhí thart ar 18,000 duine tar éis clárú.

Féadfaidh daoine atá 68 bliain clárú ar líne ó amárach, daoine 67 bliain ón Satharn, daoine 66 bliain ón Domhnach agus daoine 65 bliain ón Luan.

Meastar go dtosófar ag vacsaíniú na ndaoine seo i gceann seachtaine. Is in ionaid speisialta vacsaínithe seachas in ionaid dochtúirí teaghlaigh a gheobhas siad an vacsaín.

Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios go bhfuil an Rialtas dóchasach go mbeifear in ann tuilleadh srianta Covid-19 a mhaolú ar an 4 Bealtaine agus go mbeidh an vacsaín faighte ag 80% de dhaoine sa tír seo faoi dheireadh mhí an Mheithimh mar atá beartaithe.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Leo Varadkar go ndéanfar cinntí de réir mar atá ag éirí leis an tír dul i ngleic le ceithre dhúshlán ar leith. Sin iad cúrsaí vacsaínithe, athraithigh ar an gcoróinvíreas, an líon cásanna Covid-19 agus brú ar na hospidéil.

Dúirt sé go mb'éigean don Rialtas an clár náisiúnta vacsaínithe a leasú 25 uair go dtí seo de bharr cúinsí éagsúla.