Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur féidir fós rún an Rialtais an vacsaín in aghaidh Covid-19 a bheith faighte ag 80% de dhaoine fásta sa tír seo faoi dheireadh mhí an Mheithimh, gur féidir fós an rún sin a chur i ngníomh.

D'admhaigh an Taoiseach, áfach, go mbeadh sé dúshlánach ceann de mhórspriocanna eile an Rialtais a bhaint amach agus an vacsaín a thabhairt d'os cionn 800,000 duine faoi dheireadh na míosa seo.

Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios chomh maith go bhfuil sprioc an Mheithimh fós inbhainte amach ach dúirt sé gur léirigh imeachtaí na seachtaine seo gur bóthar achrannach atá romhainn amach.

Deimhníodh inné nach dtabharfar vacsaín AstraZeneca do dhaoine faoi bhun 60 bliain d'aois sa tír seo feasta i bhfianaise tuairiscí ó thíortha éagsúla faoi théachtáin fhola i líon an-bheag daoine a fuair an vacsaín.

D'fhógair Johnson & Johnson nach leanfaidh siad féin lena vacsaín in aghaidh Covid-19 a chur ar fáil san Eoraip go fóill de bharr imní faoi théachtáin fhola.

Pléadh na dúshláin is deireanaí seo ag cruinniú Rialtais inniu.

I ráiteas a eisíodh tar éis an chruinnithe, dúirt an Rialtas go bhfuil an clár náisiúnta vacsaínithe á leasú agus á athchóiriú i bhfianaise na ndúshlán seo.

Dúradh go bhfuil an vacsaín fós á tairiscint i dtosach do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine os cionn 60 bliain d'aois.

Ina ndiaidh sin, a dúradh, tairgeofar vacsaín - seachas vacsaín AstraZeneca - do dhaoine faoi bhun 59 bliain atá ceachtar acu "an-leochaileach nó leochaileach."