D'fhéadfaí 131 duine a ligean chun siúil ó ionaid an chomhlachta seirbhísí íocaíochta Paypal i mBaile Átha Cliath agus i nDún Dealgan.

Is cosúil go bhfuil Paypal le roinnt post a aistriú go hionaid eile an chomhlachta i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

Deirtear go mbeidh deis ag oibrithe a bhfuil na poist sin acu faoi láthair cur isteach ar phoist eile sa chomhlacht nó glacadh le socrú iomarcaíochta.

Cuireadh an fhoireann ar an eolas faoin scéal ar maidin.

Tá 2,800 duine fostaithe ag Paypal in Éirinn.

Dúirt an comhlacht go bhfuil rún acu fanacht sa tír seo agus nach ndúnfar an dá ionad i mBaile Átha Cliath agus i nDún Dealgan.