Tá sé dearbhaithe ag na húdaráis sláinte sa Danmhairg nach dtabharfar vacsaín AstraZeneca in aghaidh Covid-19 do dhaoine sa tír sin níos mó.

Ina dhiaidh sin féin, dúradh nach bhfuil sé curtha as an áireamh go mbainfear leas as an vacsaín sin arís uair éigin san am atá le teacht.

An tseachtain seo caite, thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach le fios go mb'fhéidir go raibh baint ag vacsaín AstraZeneca le téachtáin fhola i roinnt daoine fásta.

Dúirt an Ghníomhaireacht go raibh an fhianaise ar fad atá ar fáil faoi láthair scrúdaithe acu agus go raibh siad fós den bharúil gur mó an sochar ná an dochar a bhí sa vacsaín.

Cuireadh ar ceal coinní a bhí ag daoine in Éirinn an tseachtain seo le vacsaín AstraZeneca a fháil i bhfianaise comhairle nua faoina húsáid.

Chomhairligh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh nach dtabharfaí vacsaín AstraZeneca do dhaoine faoi bhun 60 bliain d'aois feasta.

Mar sin féin, táthar ag leanúint leis an dara dáileog den vacsaín a thabhairt do dhaoine faoi bhun 60 a bhfuil an chéad dáileog faighte acu cheana féin.