Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh le 50 milliún dáileog bhreise de vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh Covid19 a fháil as seo go ceann trí mhí, a d'fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.

Thug an Taoiseach Micheál Martin le fios go bhfaigheadh an tír seo 545,000 milliún de na dáileoga sin agus go dtosódh Pfizer/BioNTech á gcur ar fáil an mhí seo.

Dúirt Ursula von der Leyen freisin go bhfuil cainteanna ar bun idir an tAontas Eorpach agus Pfizer/BioNTech faoin gcéad ghlúin eile de vacsaín an chomhlachta a sholáthar don Aontas i gceann na haimsire.

1.8 billiún dáileog den vacsaín dara glúin atá á lorg ag an Aontas, a dúirt sí.

Thug Ursula von der Leyen le fios chomh maith go mbeidh an tAontas taobh le Pfizer/BioNTech san am atá le teacht le dul i ngleic le hathraithigh ar an gcoróinvíreas agus de bharr deacrachtaí le vacsaíní eile.