Maraíodh leanbh trí bliana d'aois i dtionóisc bhóthair i gCo Thiobraid Árann tráthnóna.

Tharla an tubaiste i gCarraig na Siúire ag thart ar 4.30.

Tuigtear go raibh an cailín óg ag súgradh in aice lena teach cónaithe nuair a leag bus í.

Deimhníodh go luath ina dhiaidh sin go raibh sí caillte.

Tá an láthair á scrúdú ag saineolaithe dlí-eolaíochta an Gharda Síochána.

Tá Gardaí i gCarraig na Siúire ag iarraidh ar aon duine a chonaic an eachtra agus ar thiománaithe a bhí sa cheantar ag an am teagmháil a dhéanamh leo.