D'fhógair an Roinn Slainte tráthnóna go bhfuil ocht nduine dhéag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 358 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,803 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 241,684 duine san iomlán.

Tá 205 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 48 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 166 de na 358 cás nua, tá 39 cás i nDún na nGall, 16 i gCill Dara, 13 in Uíbh Fhailí 12 sa Mhí, 12 i Luimneach agus tá an 100 cás eile roinnte idir ocht gcontae dhéag eile.

Fógraíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 112 cás nua ann.

Tá 2,129 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 118,476 duine ó thús na géarchéime.

Tá 77 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, seachtar acu in aonaid dianchúraim.