Tá sé fógartha ag comhlacht cógaisíochta Johnson & Johnson nach leanfaidh siad faoi láthair lena vacsaín in aghaidh Covid-19 a chur ar fáil san Eoraip de bharr imní faoi théachtáin fhola.

Tá an vacsaín curtha ar fionraí ag na húdaráis sláinte sna Stáit Aontaithe cheana féin.

Tuairiscíodh gur bhain teachtán fola do sheisear a fuair vacsaín Johnson & Johnson sna Stáit Aontaithe.

I ráiteas, dúirt an comhlacht go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar na cásanna seo i gcomhar leis na húdaráis sláinte san Eoraip.

Thosaigh Johnson & Johnson ag soláthar na vacsaíne do thíortha san Aontas Eorpach inné.

Bhí sé i gceist acu - roimh an gcor is deireanaí seo - thart ar 55 milliún dáileog den vacsaín a chur ar fáil do na ballstáit idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh.

Bhí 120 milliún dáileog eile le cur ar fáil acu don Aontas sa tríú ráithe den bhliain freisin.