Le Tomás Ó Mainnín

Tá sé ráíte ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ag Iarsmalann Hunt i Luimneach go bhfuil siad tiomanta ar iarsmaí stairiula a bhaineann le Ríocht Bheinin in iarthar na hAfraice a thabhairt thar n-ais.

Sa bhliain 1897, rinne fórsaí Shasana ruathar faoi Riocht Bheinin sa Nigéir. Mharaigh siad morán de threibh dhúchasach na nEadóch, agus thóg agus ghoid siad na mílte píosaí ealaíne agus cultúrtha a bhain leis na hEadóigh.

I measc na n-iarsmaí a tógadh, bhí masc searmanach le Rí na nEadóch. Tá an masc a rinneadh as starrfhiacail eabhair, agus a chaití ar an gcromán seachas ar an aghaidh, in Iarsmalann Hunt i gcathair Luimnigh anois. Tá sé ar taispeáint ansin ó na 1990í.

Tá achainí á déanamh go hidirnáisiúnta na hiarsmaí a thabhairt thar n-ais do na hÉadóigh, go háirithe anois agus iarsmalann dá gcuid féin á dtógaint acu sa Nigéir.

Dúirt príomhfheidhmeannach Iarsmalann Hunt Jill Cousins go bhfuil siadsan i bhfabhar an masc ríoga a thabhairt thar n-ais.

Mhaígh sí, áfach, go bhfuil gá le polasaí idirnáisiunta i leith na ceiste seo mar nach dteastaíonn ó Iarsmalann Hunt cinneadh neamhspleách a dhéanamh a d'fhéadfadh dul i gcion ar mhúsaeim eile ar fud an domhain.

Meastar gur tógadh idir 3,000 agus 5,000 iarsma cultúrtha ó Ríocht Bheinin ag deireadh an naoú haois déag agus tá siadsan scaipthe idir mhúsaeim éagsúla ar fud an domhain anois.

Tá 21 píosa a bhaineann le Ríocht Bheinin i seilbh Ard-Mhúsaem na hÉireann agus tá sé ráite acusan freisin go bhfuil siad sásta comhoibriú le comhghleacaithe agus saineolaithe idirnáisiúnta chun iad a thabhairt thar n-ais.