D'iarr ceannairí eaglasta sa Tuasiceart ar pholaiteoirí teacht le chéile agus labhairt d'aon ghuth ar na círéibeacha a tharla ó thuaidh le gairid.

I gcomhlitir oscailte, d'iarr an cúigear ceannairí eaglasta ar pholaiteoirí a gcuid oibre síochána agus athmhuintearais a athnuachan agus na daoine is leochailí sa tsochaí a chosaint.

Gortaíodh thart ar 90 póilín le linn na scliúchas sa Tuaisceart ó thosaigh siad os cionn seachtaine ó shin, ach tá cúrsaí i bhfad níos socra le cúpla oíche.

Dúirt na ceannairí eaglasta go bhfuil cúiseanna na trioblóide casta agus fadbhunaithe.

Is chuig Airí Stormont, Rialtais na hÉireann agus na Breataine, agus chuig an Aontas Eorpach a scríobhadar an litir.

D'achainigh siad ar Fheidhmeannas Stormont cainteanna a iarraidh ar Rialtas na Breataine agus ar an Aontas Eorpach maidir le prótacal an Tuaiscirt a bhfuil go leor conspóide tarraingthe aige.

D'iarr siad ar na polaiteoirí freisin tacú go poiblí leis na póilíní.