D'fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris go n-íocfaidh an Rialtas as an gcoraintín éigeantach in óstáin a chaithfeas scoláirí Erasmus as an tír seo nuair a thiocfas siad ar ais go hÉirinn.

Meastar go bhfuil thart ar 1,000 scoláire Éireannach i mbun cúrsaí Erasmus faoi láthair i mballstáit éagsúla den Aontas Eorpach.

Tá thart ar a leath acu sna cúig bhallstát atá ar liosta coraintín éigeantaigh an Rialtais. Sin iad an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Luscsamburg agus an Ostair.

Ceaptar gur thart ar mhilliún euro a bheas ar an Rialtas a íoc as coraintín na scoláirí ar deireadh.

Tá neamhchinnteacht ag baint leis an scéal i gcónaí mar nach mbeidh cuid de na mic léinn ag filleadh ar Éirinn go dtí deireadh an tsamhraidh. Ní fios fós an mbeidh an coraintín éigeantach fós i bhfeidhm faoin tráth sin.

Chomh maith leis sin, ní áirítear scoláirí atá ag staidéar i dtíortha eile an Aontais Eorpaigh ach nach bhfuil bainteach leis an gclár Erasmus.

Deirtear go bhfoilseofar tuilleadh sonraí faoin scéal as seo go ceann roinnt laethanta.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Simon Harris gurb é a thuairim láidir nár chóir go mbeadh ar dhaoine atá vacsaínithe in aghaidh Covid-19 coraintín éigeantach in óstán a chaitheamh.