Tá sé fógraithe trathnóna ag an Roinn Sláinte gur 394 cás nua de Covid-19 atá deimhnithe sa Stát.

Níl aon bhás nua tagtha chun cinn de réir na bhfigiúirí.

227 duine atá ag fáil cóir leighis in ospidéil na tíre don ghalar.

Deirtear go bhfuil 50 díobh sin san aonad dianchúraim.