De réir na breithe ón gCúirt Choiriúil Speisialta inniu, iomrall ceartais a bhí i gciontú fir as Contae Lú as a bhallraíocht san IRA.

Chaith Michael Connolly ó Chéide na Gráinsí i nDún Dealgan 14 mí i bpríosún dá bharr.

Bhí an chúis séanta aige, ach mar sin féin ciontaíodh é i Meitheamh 2017.

Chuir an Chúirt Achomhairc an ciontú sin ar neamhnaí i 2018.

Nuair a cuireadh ar a thriail arís é, cinneadh nach bhféadfaí braith ar chuid den fhianaise a bhí tugtha ag na gardaí sa chás.