Dúirt Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, Peter Weir gur lá dearfach a bhí ann don óige ó thuaidh go raibh siad uilig in ann anois filleadh ar a gcuid scoileanna.

Bhí an tUasal Weir ag labhairt ag scoil i gceantar Holywood i gCo.an Dúin.

Dúirt sé gur pandéim í seo atá dian ar an dream is óige agus an dream is sine sa sochaí.

Tá maolú á dhéanamh inniu freisin ar shrianta an choróinvíris i dTuaisceart Éireann.

'Léas dóchais dúinn an maolú seo ar shrianta' a deir ceannairí polaitiúla an Fheidhmeannais ó thuaidh

'Fan sa mbaile' an teachtaireacht a bhí ag teacht ó Fheidhmeannas Stormont roimhe seo.

Anois, tá sé ag achainí ar dhaoine 'fanacht áitiúil' agus 'oibriú ó bhaile'.

Dúirt Céad Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Leas-Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill gur léas dóchais é go bhfuil srianta áirithe á maolú.

Tá os cionn milliún duine anois ó thuaidh tar éis an vacsaín a fháil i gcoinne an choróinvíris.