Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh lá an-tábhachtach romhainn inniu.

Dúirt sé gurbh iontach é do gach dalta dara leibhéal a bheith ar ais i seomraí ranga na scoile.

'Is istigh sa seomra ranga i gcomhluadar a gcomhdhaltaí agus a múinteoirí is fearr a fhoghlaimeoidh daltaí' a dúirt an Taoiseach.

Bhí sé ag labhairt ar an gclár raidió 'Morning Mix with Alan Corcoran' ar an stáisiún South East Radio.

Dúirt an Taoiseach go mba dianghlasáil anróiteach go maith a bhí inti ón Nollaig, ach go raibh sé 'buíoch as na híobairtí a bhí déanta'.

'Chinntigh sé uilig áfach go bhfuil anois ar chumas gach dalta dul ar ais ar scoil' a dúirt sé.