D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil 3 thír eile bainte den liosta coraintín óstáin sa stát.

Iosrael, an Albáin agus St.Lucia sa Mhuir Chairb atá i gceist.

I ráiteas a d'eisigh an tAire Donnelly aréir, dúirt sé go raibh cúrsaí sláinte feabhsaithe sna 3 thír sin anois le go bhféadfaí an maolú a dhéanamh.

Dá réir, ní chaithfidh aon duine a thagann óna tíortha sin anois coraintín a dhéanamh in óstán.

Féadfaidh siad an coraintín a dhéanamh anois i bpé áit a bhfuil cónaí orthu.

Inné ar ndóigh, d'éirigh le beirt a tháinig ó Iosrael dúshlán na reachtaíochta seo a thabhairt i gcásanna cúirte

Derek Jennings, ar éirigh leis ina chás cúirte inné mar go bhfuil a athair ag fáil bháis

ar leith.

Scaoileadh amach as an gcoraintín iad ina dhiaidh sin.

Bhí vacsaín faighte ag an mbeirt i gcoinne Covid-19, agus bhí a dtástálacha PCR diúltach.

An Dr.Ronan Glynn

I ráiteas a tháinig ón bPríomh Oifigeach Leighis, An Dr.Ronan Glynn, dúirt sé gur féidir linn uilig anois a bheith dóchasach i bhfianaise na gcásanna nua den víreas a taifeadadh aréir.

303 an figiúir, an líon is ísle ó lár mhí na Nollag seo caite.