Tá 150 post á gcruthú sa Spidéal i gConamara,Co.na Gaillimhe ag an gcomhlacht fearais leighis,Aran Biomedical.

Tá sé mar aidhm aige a leibhéal táirgíochta ansin a mhéadú fá thrí.

Idir seo agus deireadh 2025 a chruthófar an fhostaíocht bhreise seo in earnáil na hinnealtóireachta,bainistíocht soláthair, agus táirgíochta.

Deir Aran Biomedical freisin go bhfuil sé i gceist aige monarcha nua a thógáil lámh leis an gceann atá aige cheana féin i gceantar Bhaile an tSléibhe sa Spidéal.

Tá 120 fostaithe aige sa Spidéal cheana féin.