Tá cead tugtha san Ard-Chúirt do fhear coraintín éigeantach a fhágáil chun a bheith lena athair atá ag fáil bháis.

Saoránach de chuid na hÉireann é Derek Jennings atá 47 bliain d'aois agus thosaigh sé ag obair lena fhostóir in Iosrael ar an 22ú Feabhra. Bhí sé le fanacht ann go dtí Bealtaine na bliana seo. 

D'eitil Derek Jennings abhaile ó Iosrael Dé hAoine chun a bheith lena athair atá ag fáil bháis le hailse ó fuair sé scéala gur thit a athair i laige agus tugadh go dtí an t-ospidéal é, áit go bhfuil sé anois in aonad dianchúraim.

Chualthas sa chúirt inniu go bhfuil drochbhail san ospidéal ar athair Jennnings agus go bhféadfadh sé bás a fháil am ar bith anois. 

Diúltaíodh do dhá achomharc a rinne Derek Jennings mar gheall ar a choraintín.

Dúirt dlíodóirí ar son Jennings go raibh ceisteanna ollmhóra daonnúlachta i gceist leis an gcás. 

Dúradh go raibh an vacsaín iomlán faighte ag Jennings agus thástáil sé diúltach don víreas i sraith tástálacha a rinne sé do Covid-19.

I 2019 a dúradh le athair Derek Jennings go raibh ailse air agus chualthas sa chúirt inniu nach raibh i bhfad eile aige ar an saol seo. 

Tá Derek Jennings tar éis imeacht ón ostán ina raibh coraintín éigeantach ar bun aige chun a bheith lena athair san Ospidéal. 

Idir an dá linn, tá Inbar Aviezer,  bean ó Iosrael a thaisteal anseo as Iosrael Dé Céadaoin agus a mhaígh go raibh sí á coinneáil go mídhleathach scaoilte amach ó choraintín éigeantach chomh maith.

Tá Inbar Aviezer ag bogadh chun na tíre seo chun dul ag obair mar oibrí cúraim sláinte anseo agus chun a bheith lena páirtí.