Tháinig ísliú mór ar líon na ndaoine a bhásaigh de bharr Covid-19 idir Feabhra agus Márta agus tionchar suntasasch ag an gclár vacsaínithe ar chúrsaí a deir Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid.

Go dtí seo, 194 duine a bhfuil eolas futhu a bhásaigh de bharr an choróinvíris i Mí an Mhárta a deir an Roinn Sláinte i gcomparáid le 831 i Mí Feabhra. Seo ísliú do 76% sa ráta báis in aghaidh na míosa.

Tá seans ann áfach nach bhfuil an Roinn ar an eolas fós faoi roinnt daoine eile a bhásaigh de bharr Covid-19 i Mí Feabhra agus Mí an Mhárta.

Dúirt Paul Reid inniu go raibh tionchar suntasach ag an gclár vacsaínithe go dtí seo, go háirithe do dhaoine atá amach sna blianta agus leochaileach ó thaobh na sláinte de. 

Dúirt sé go bhfuil ísliú tagtha, i measc daonra aosta na tíre ach go háirithe, ar léibheálacha breoiteachta, ar líon na ndaoine atá ag dul go dtí an t-Ospidéal leis an víreas agus ar líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr an víris.