Tá San Uinseann sa Mhuir Chairib clúdaithe le luaithreamhán bolcánach i ndiaidh do bholcán ar an oileán tosnú ag brúchtadh.

Bhí an bolcán ar a dtugtar 'La Soufrière' suanach ar feadh blianta fada ach thosaigh sé ag brúchtadh Dé hAoine agus b'éigean do nach mór 16,000 duine a dtithe a fhágáil dá bharr. 

Tá áitritheoirí i San Uinseann anois gan aon chumhlacht aibhléise ná soláthar uisce. 

Tá an smúdar bolcánach ag cur isteach ar Barbadós atá tuairim is 200km soir ó San Uinseann chomh maith agus na húdaráis ansin ag impí ar dhaoine fanacht taobh istigh.

Deir eolaithe go bhféadfadh an brúchtadh bolcánach leanúint ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí fiú.