Tá achainí déanta ag Gardaí arís eile ar aon duine le haon eolas maidir le heachtra sáite a tharla sa Droichead Nua i gContae Chill Dara an tseachtain seo caite teacht chun tosaigh agus labhairt leo.

Gortaíodh fear sna tríochaidí san eachtra a tharla tráthnóna Dé Céadaoin, an 7ú Aibreáin. Bhásaigh an fear san ospidéal inné. 

Gabhadh agus cúisíodh fear eile sna tríochaidí maidir leis an eachtra agus tháinig sé os comhair na cúirte Déardaoin seo caite. 

Tá Gardaí atá ag fiosrú na heachtra ag impí ar aon duine a bhfuil físeán acu ón tSráid Mhór nó ó Shráid Thomáis sa Droichead Nua nuair a tharla an eachtra, an físeán sin a roinnt leo.