Tiocfaidh maolú ar roinnt srianta dianghlasála atá i bhfeidhm faoi láthair ón lá amárach ar aghaidh. Seo an chéad uair i mbliana go maolófar roinnt do na srianta dianghlasála. 

Tá achainí déanta ar an bpobal a bheith stuama agus cloí leis an gcomhairle atá tugtha ag oifigigh sláinte.

Beidh gach dalta ar ais ar scoil amárach agus cuirfear tús arís le tógáil thithe cónaithe chomh maith ón lá amárach ar aghaidh. 

Beidh daoine in ann taisteal aon áit ina gcontae féin nó suas go 20km óna dteach má bhíonn orthu dul trasna teorainn chontae.

Beidh cead ag dhá líon tí teacht le chéile taobh amuigh faoin aer, ach ní bheidh cead bailiú le chéile i ngairdín príobháideach. 

Dúirt an Leas-phríomhoifigeach leighis, an Dochtúir Ronan Glynn, go mbeidh aon duine a raibh teagmháil acu leis an víreas le linn aimsir na Cásca ag a leibhéal is tógálaí an deireadh seachtaine seo.