Tá sé deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 14 duine eile tar éis bháis le Covid-19 sa Stát agus tá 455 cás nua ann. 

Bhásaigh triúr acu sin i Mí Aibreáin, duine amháin i Mí an Mhárta, seisear i Mí Feabhra agus ceathrar i Mí Eanáir. 

Bhí na daoine a bhásaigh idir 55 agus 90 bliain d'aois. 72.5 bliain an mheánaois a bhí ann. 

Go dtí seo tá 4,783 duine tar éis bháis le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann agus bhí an víreas ar 240,643 duine sa Stát. 

Tá líon na ndaoine atá in aonaid dianchúraim na tíre tite duine amháin go 52. 

Maidir le cásanna an lae inniu, 212 fear agus 237 bean atá i gceist. Baineann 77% do na cásanna le daoine atá faoi bhun 45 bliain d'aois. 

208 duine atá in Ospidéil na tíre faoi láthair leis an víreas agus astu sin tá 52 duine in aonaid dianchúraim, titim do dhuine amháin ó inné. 

Idir an dá linn, tá triúr eile tar éis bháis le Covid-19 i dTuaisceart Éireann agus tá 146 cás nua den víreas ann.

2,128 duine ar fad atá tar éis bháis le Covid-19 sa Tuaisceart go dtí seo ó thús na paindéime. 

Tá níos mó ná milliún vacsaín anois tugtha do dhaoine sa Tuaisceart. 

An chéad dáileog den vacsaín a bhí i 813,000 acu sin. 

Tá an dara dáileog faighte ag nach mór 190,000 duine sa Tuaisceart anois.