Deir an PSNI gur gortaíodh 14 póilín i gcíréibeacha sa Tuaisceart aréir, an 12ú oíche de chlampar as a chéile i dTuaisceart Éireann. 

Chuir dílseoirí roinnt agóidí a bhí beartaithe ar ceal mar chomhartha omóis don Phrionsa Philib a bhásaigh inné.

Deir an PSNI go bhfuil fiosrúchán ar bun acu maidir le tuilleadh clampair i mBéal Feirste aréir. 

Tharla an neamhord i gceantair éagsúla sa chathair, san áireamh, Gairdíní Duncairn, ceantar  ''Tigers Bay'' agus Sráid na Banríona Thuaidh.

Caitheadh buamaí peitril le póilíní le linn 3 uair an chloig do neamhord tráthnóna inné.

Deir na póilíní gur thosaigh an scliúchas go gairid i ndiaidh 5 a chlog tráthnóna inné agus gur caitheadh buamaí peitril, tíleanna dín agus ábhair eile le póilíní. 

Glacadh seilbh ar charr, cuireadh trí thine í agus brúdh an gluaisteán i dtreo na bpóilíní.

Deir an PSNI gur gabhadh triúr déagóirí, 14 bliain d'aois, le linn an chlampair. Tá siad ar fad scaoilte saor ó shin agus tuilleadh fiosraithe le déanamh a deir na póilíní.

Gortaíodh 14 póilín aréir. Tá 88 oifigeach gortaithe ó thosaigh an neamhord sa Tuaisceart arís le déanaí.