Tá dochtúirí teaghlaigh le vacsaín a thabhairt do dhaoine idir 16 agus 69 atá leochaileach ó thaobh na sláinte de. 

Tá tuairim is 1,100 cleachtas dochtúra ag ullmhú chun na vacsaíní a thabhairt don ngrúpa seo.

Táthar ag súil go mbeidh 46,000 dáileog de vacsaín in aghaidh Covid-19 tugtha do dhaoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte de faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn. 

Leanfaidh dochtúirí teaghlaigh orthu ag tabhairt na vacsaíní amach do na daoine seo ar feadh míosa.

Idir an dá linn, beidh dochtúirí teaghlaigh fós ag leanúint orthu ag tabhairt vacsaíní do dhaoine atá os cionn 70 bliain d'aois.

Leanfar ag tabhairt vacsaíní do dhaoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte de in ospidéil agus in ionaid vacsaínithe ar fud na tíre.