skip to main content

Diúc Dhún Éideann, an Prionsa Pilib, básaithe. Bhí sé 99 bliain d'aois

Bhí Diúc Dhún Éideann ana-bhreoite le gairid
Bhí Diúc Dhún Éideann ana-bhreoite le gairid

Tá sé fógartha ag Pálás Buckingham sa mBreatain go bhfuil Diúc Dhún Éideann, an Prionsa Pilib, tar éis bás a fháil. Bhí sé 99 bliain d'aois. 

I ráiteas, dúirt Banríon Shasana, Eilís II, "gur méala mór (dóibh) a bhás. Fuair sé bás go suaimhneach ar maidin i gCaisleán Windsor."

B'é an Prionsa Pilib an céile ab fhaide seirbhíse riamh i stair mhonarcacht na Breataine.  Bhí sé pósta le Banríon Eilís II le breis agus seachtó bliain. 

D'éirigh sé as imeachtaí poiblí go hoifigiúil sa mbiain 2017. Bhí sé thar a bheith breoite níos túisce i mbliana. Chaith sé mí iomlán sa ospidéal. Bhí ionfhabhtú air, agus ansin, rinneadh obráid croí air. D'fhill sé ar Chaisleán Windsor ar 16 Márta le ham a chaitheamh le Banríon Eilís. 

Bheadh sé ag ceiliúradh an chéid i mí an Mheithimh.