Tá sé admhaithe ag Cumann Lúthchleas Gael i Muineachán gur sáraíodh srianta Covid-19 nuair a ghlac peileadóirí ó fhoireann sinsir an chontae páirt i seisiún traenála le gairid. 

D'fhiosraigh bord an chontae an scéal i bhfianaise tuairisce ar an Irish Independent gur seoladh físeán den seisiún traenála chuig dreamanna éagsúla, an Roinn Dlí agus Cirt ina measc.

Is cosúil go bhfuil peileadóirí Mhuineacháin le feiceáil ar an bhfíseán i mbun traenála le chéile ag páirc Chumann Peile na Coirre Duibhe ag deireadh na míosa seo caite. 

I ráiteas ó bhord an chontae, dúradh go raibh leithscéal gafa ag bainisteoir na foirne Séamus McEnaney faoi na rialacha a shárú.

Dúradh go raibh Séamus McEnaney curtha ar fionraí acu ar feadh dhá sheachtain déag de bharr "na hearráide."

Dúradh freisin go gcomhoibreodh an bord le ceannasaíocht Cumann Lúthchleas Gael dá mbunófaí fiosrúchán faoin scéal. 

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí go bhfuil an scéal á fhiosrú acusan. 

An tseachtain seo caite, cuireadh bainisteoir fhoireann Bhaile Átha Cliath Dessie Farrell ar fionraí ar feadh dhá sheachtain déag nuair a tháinig sé chun solais go raibh na peileadóirí tar éis páirt a ghlacadh i seisiún traenála le chéile.