D'fhógair an Roinn Slainte tráthnóna go bhfuil seachtar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 400 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,737 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 239,723 duine san iomlán.

Tá 226 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 55 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 162 de na 400 cás nua, tá 61 cás i gCill Dara, 26 i gCorcaigh, 21 i nGaillimh, 17 i nDún na nGall agus tá an 113 cás eile roinnte idir ocht gcontae dhéag eile. 

Ag preasócáid níos túisce inniu, d'fhógair ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go raibh milliún dáileog den vacsaín in aghaidh Covid-19 tugtha do dhaoine sa Stát go dtí seo. 

Dúirt a chomhghleacaí an Dr Colm Henry go bhfuil ráta coicísiúil an ghalair sa tír laghdaithe 18% le seachtain.

Dúirt sé gur trí dhuine dhéag ar an meán atá á gcur in ospidéil gach lá faoi láthair. 

Fógraíodh inniu chomh maith gur bhásaigh beirt eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 98 cás nua ann. 

Tá 2,123 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 117,919 duine ó thús na géarchéime.  

Tá 102 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, dáréag acu in aonaid dianchúraim.