Tá na heachtraí foréigin a tharla sa Tuaisceart le roinnt laethanta cáinte d'aon ghuth ag gach páirtí i bhFeidhmeannas Stormont.
D'iarr na cúig pháirtí ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin agus deireadh a chur leis na círéibéacha.
Ag cruinniú speisialta ar maidin, thug Ardchonstábla na bpóilíní Simon Byrne an t-eolas is deireanaí faoin bhforéigean d'Airí Stormont.
I gcomhráiteas i ndiaidh an chruinnithe, dúirt na hAirí go bhfuil an-imní orthu faoi na caismirtí a tharla ar na sráideanna le seachtain, go háirithe sa cheantar comhéadain idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste aréir.
Cháin siad na hionsaithe a rinneadh ar phóilíní agus an scrios a rinneadh ar sheirbhísí poiblí.
Ní féidir an foréigean ná an bhagairt foréigin a chosaint is cuma cén chúis a bhí leis, a dúradh.
Ag labhairt di leis an bhFeidhmeannas, dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster nach féidir broic leis na heachtraí foréigin a tharla le deireanas.
Mhaígh sí go ndearna na hionsaithe ar phóilíní agus ar mhaoin dochar do chlú an Tuaiscirt, agus gur céim ar gcúl a bhí ann.
Thug an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill le fios go raibh brón uirthi go raibh gá le díopóireacht den sórt seo.
Dúirt sí go raibh a fhios ag gach duine cé a d'eagraigh na círéibeacha agus go mbeadh ceannasaíocht pholaitiúil ag teastáil san am atá le teacht.