D'fheádfadh an Rialtas cur leis an líon tíortha atá ar an liosta coraintín éigeantaigh faoi dheireadh na seachtaine, a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney.

Thug sé le fios, áfach, go gcaithfí cur le hacmhainní agus aon deachrachtaí dlíthiúla a réiteach i dtosach.  

Faoi láthair, tá 59 tír ar an liosta agus is í an Ostair an t-aon bhallstát den Aontas Eorpach atá ina measc. 

De réir na rialacha, tá ar dhaoine a thagann go hÉirinn as na tíortha sin coraintín ar feadh beagnach coicís a chaitheamh in óstáin. Caithfidh siad féin íoc as an lóistín. 

Tarraingíodh conspóid an tseachtain seo caite nuair mhol grúpa saineolaithe an Rialtais an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus na Stáit Aontaithe a chur leis an liosta. 

Níor ghlac Airí Rialtas leis an moladh sin ach cuireadh 26 tír eile san áireamh.