Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go gcaithfear deireadh a chur leis na círéibeacha i gceantair dílseoirí sa Tuaisceart sula marófar duine éigin.

Gortaíodh seachtar póilíní ar a laghad le linn caismirtí i gceantar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste aréir.

Ag labhart dó ar RTÉ, dúirt Simon Coveney go bhfuil freagracht ar cheannairí polaitiúla an teannas a mhaolú.

Thug sé le fios cé go gcaithfidh gach uile dhream teacht le chéile féachaint le deireadh a chur leis an bhforéigean - Rialtas na hÉireann ina measc - gur ar aontachtaithe thar aon dream eile atá an fhreagracht is mó. 

Dúirt an tAire Coveney freisin gur chuir sé uafás air go raibh dílseoirí i mBéal Feirste ag iarraidh foréigean a chothú i gceantair náisiúnacha. 

Ag trácht a bhí sé ar chaismirtí a tharla aréir sa cheantar comhéadain idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar Chluanaí. 

Tá ceannairí polaitiúla an Tuaiscirt agus Comhthionól Stormont ag teacht le chéile ar maidin leis an gcorraíl a phlé.

Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt agus ceannaire an DUP, Arlene Foster, gur loitiméireacht agus iarracht dúnmharaithe atá san fhoréigean agus nach ag gníomhú thar cheann aontachtaithe ná dílseoirí atá an dream atá ina bhun. 

I dtvuít a d'fhoilisgh sí, dúirt Arlene Foster go mbaineann an foréigean aird de dhaoine i Sinn Féin "arbh iadsan a sháraigh an dlí i ndáiríre."  

Ag tagairt a bhí sí don chonspóid a bhaineann le sochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey i mBéal Feirste anuraidh.

Cinneadh an tseachtain seo caite gan an dlí a chur ar bhaill shinsearacha de Shinn Féin a bhí i láthair ag an tsochraid faoi shrianta Covid-19 a shárú.

Cháin ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly ráiteas Arlene Foster. Dúirt sé go raibh an méid a dúirt sí contúirteach agus náireach agus go gcaitheann sé solas ar príomh-mhianta an DUP. 

Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill ó Shinn Féin go bhfuil an foréigean ag cur as go mór do phobail áitiúla agus go gcaithfear deireadh a chur leis.