Dhiúltaigh oibrithe in RTÉ do mholtaí tuarastail, pá breoiteachta agus poist san eagraíocht a chiorrú.
I ráiteas tráthnóna, d'fhógair an grúpa ceardchumann in RTÉ gur vótáil 87% de na baill in aghaidh na moltaí agus 13% ina bhfabhar.
De réir na moltaí, dhéanfaí laghdú idir 3.5% agus 5.5% ar thuarastail oibrithe a thuilleann os cionn €40,000 sa bhliain agus chiorrófaí liúntais.
Bheadh an socrú i bhfeidhm ar feadh dhá bhliain ó Lá Bealtaine i mbliana.
Gheall RTÉ go gcuirfí tuarastail agus ciorruithe eile ar ais mar a bhí sa bhliain 2023.
Tá scéim nua iomarcaíochta deonaí bunaithe ag RTÉ freisin agus súil acu go nglacfaidh suas le 70 oibrí leis an tairiscint,
Dúradh go sábhálfadh na ciorruithe €8.3 millún ar RTÉ.
Dúirt an grúpa ceardchumann gur faoi RTÉ a bhí sé anois a marana a dhéanamh ar thoradh an vóta agus go mbeidís ar fáil le tabhairt faoi chainteanna arís leis an mbainistíocht.
I ráiteas, dúirt RTÉ go raibh díomá orthu faoi thoradh an vóta.