I ráiteas tráthnóna, thug an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach le fios go mb'fhéidir go bhfuil baint ag vacsaín an chomhlachta AstraZeneca le téachtáin fhola i roinnt daoine fásta cé gur annamh a tharlaíonn siad.

Dúirt an Ghníomhaireacht go bhfuil an fhianaise ar fad atá ar fáil faoi láthair scrúdaithe acu agus go bhfuil siad fós den bharúil gur mó an sochar ná an dochar atá sa vacsaín.

Ba cheart téachtáin fhola a chur le liosta na bhfo-iarmhairtí thar a bheith neamhchoitianta a d'fhéadfadh a bheith ann, a dúradh. 

Inné, mhaígh oifigeach sinsearach sa Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach go bhfuil baint shoiléir ag vacsaín AstraZeneca le téachtáin fhola.

An mhí seo caite, chuir trí bhallstát déag san Aontas Eorpach - Éire ina measc - an vacsaín ar fionraí ar feadh achair ghairid i bhfianaise tuairiscí faoi théachtáin fhola ach tá sí ar fáil arís sna tíortha sin ó shin.