Dhearbhaigh an Roinn Slainte tráthnóna go bhfuil cúigear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 423 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,732 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 239,325 duine san iomlán.

Tá  232 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 56 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 199 de na 423 cás nua, tá 41 cás i gCill Dara, 23 sa Mhí, 20 i nGaillimh, 18 san Iarmhí agus tá an 122 cás eile roinnte idir naoi gcontae dhéag eile. 

Dearbhaíodh níos túisce inniu nár taifeadadh aon duine a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 88 cás nua ann. 

Tá 2,121 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 117,821 duine ó thús na géarchéime.

Tá 97 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, dáréag acu in aonaid dianchúraim.