Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan go mbeidh ar an Rialtas tuilleadh tíortha san Aontas Eorpach a chur leis an liosta coraintín éigeantaigh.

Faoi láthair, tá 59 tír ar an liosta agus is í an Ostair an t-aon bhallstát den Aontas Eorpach atá ina measc. 

Tá ar dhaoine a thagann go hÉirinn as na tíortha sin coraintín ar feadh suas le coicís a chaitheamh in óstáin. 

Thug Éamon Ryan le fios go raibh comhráite an-mhaith aige inné leis an Taoiseach, an Tánaiste agus leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly faoin scéal. 

Is é an toradh a bheas ar na cainteanna sin tuilleadh tíortha a chur leis an liosta coraintín éigeantaigh, tíortha san Aontas Eorpach ina measc, a dúirt sé. 

Ualach a bheas ann ach is fearr gan dul sa seans, a dúirt an tAire Ryan.

Os a choinne sin, thug an tAire Sláinte le fios go gcaithfear an cheist a chíoradh go mion sular féidir cur leis an liosta coraintín. 

Tá imní air faoin tionchar a bheadh ag a leithéid de bheart ar shaoránaigh na hÉireann thar lear, a dúirt sé. 

Dúirt Stephen Donnelly go bhfuil imní air chomh maith faoi na hathraithigh ar an gcoróinvíreas atá ag forleathadh faoi láthair.