Tá sé tugtha le fios ag Cumann Rugbaí na hÉireann go bhfuil suas le 20 fostaí le ligean chun siúil acu mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.

Lucht riaracháin agus feidhmíochta atá le ligean chun siúil, a deirtear. Idir iomarcaíocht dheonach agus éigeantach a bheas i gceist.

D'fhógair an Cumann i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh easnamh €35.7 milliún acu.

Ag an am, dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta Philip Browne go mbeadh sé tubaisteach mura dtabharfaí cead arís go luath don phobal dul chuig na cluichí. 

An mhí seo caite, dúirt sé go measann sé gur easnamh €29 milliún a bheas ann i mbliana agus nach dóigh leis go mbeidh lucht féachana ag na cluichí arís go dtí an bhliain seo chugainn. 

Thart ar 200 duine atá fostaithe ag Cumann Rugbaí na hÉireann.