Tá sé ráite ag grúpa polaiteoirí gur chóir do dhaoine sa tír seo an t-ábhar cothaitheach Vitimín D a ghlacadh chun iad féin a chosaint ar Covid-19.

Moltar é seo i dtuarascáil atá foilsithe inniu ag Coiste Sláinte an Oireachtais.

Deir na polaiteoirí ó gach aon pháirtí go léiríonn an fhianaise idirnáisiúnta go bhfuil damhna cosanta i Vitimín D mar go dtreisíonn sé córas imdhíonachta an duine. 

Moltar sa tuarascáil go dtabharfaí Vitimín D do dhaoine ag ionaid tástála Covid-19 feasta, agus go dtairgeofaí é do dhaoine in ionaid altranais agus d'oibrithe sláinte freisin. 

Deirtear cé nach leigheas é Vitimín D ar Covid-19 gur féidir leis cuid de shiomptóim an ghalair a mhaolú.

Tá an tuarascáil bunaithe ar thuairimí saineolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Choláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn, Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Uí Chonghaile chomh maith le faisnéis ón bhFionlainn, ón bhFrainc agus ón Spáinn. 

Tá sé tugtha le fios roimhe seo ag an Roinn Sláinte agus ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí nach bhfuil dóthain fianaise ann le cruthú gur féidir le Vitimín D daoine a chosaint ar Covid-19.