Tá an líon othar Covid-19 in ospidéil na tíre tar éis titim go suntasach, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Bhí 220 othar Covid-19 in ospidéil aréir, sin laghdú 41 ó mhaidin inné.  

Bhí 58 othar Covid-19 in aonaid dianchúraim aréir, áfach, an méid céanna agus a bhí ar maidin inné.

I dtrí ospidéal i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó othar. Tá 27 in Ospidéal an Mater, 24 in Ospidéal Beaumont agus 23 in Ospidéal Thamhlachta.

Tá naonúr othar Covid-19 nó níos lú i mbreis agus 20 ospidéal eile.

Mhaígh an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil cásanna den ghalar i measc daoine os cionn 70 a bhfuil an vacsaín faighte acu tite go mór le roinnt seachtaintí.  

Thug sé le fios go bhfuiltear ag iarraidh milliún dáileog den vacsaín a thabhairt do dhaoine gach mí as seo go ceann roinnt míonna.  

Dúirt an tAire Donnelly freisin go mbeidh an líon vacsaíní a thugtar do dhaoine ag méadú de réir a chéile as seo amach.