D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil naonúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 443 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,727 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 238,907 duine san iomlán.

Tá 261 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 60 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 208 de na 443 cás nua, tá 32 cás i gCorcaigh, 24 i gCill Dara, 20 sa Mhí, 17 i nDún na nGall agus tá an 142 cás eile roinnte idir naoi gcontae dhéag eile. 

Fógraíodh níos túisce inniu gur bhásaigh triúr eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 57 cás nua ann. 

Fágann sin go bhfuil 2,121 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 117,733 duine ó thús na géarchéime.