Tá sé tugtha le fios ag Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Dr Colm Henry go bhféadfadh figiúirí nua maidir le scaipeadh an choróinvíris taobh amuigh daoine a chur amú.

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh ar an Irish Times inné, baineann 0.1% de chásanna Covid-19 sa Stát le scaipeadh an choróinvíris taobh amuigh.

Mhaígh an Dr Henry, áfach, nach bhfuil sa chéatadán sin ach an méid cásanna a taifeadadh agus go bhfuil go leor cúinsí eile ann a bhaineann le scaipeadh an víris taobh amuigh nach gcuirtear san áireamh sna figiúirí.

Dúirt sé nach n-áirítear sna figiúirí, mar shampla, seomraí feistis ná daoine atá ag dul chuig ócáidí taobh amuigh agus ag teacht abhaile ina ndiaidh. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé ainneoin go bhfuil gníomhaíochtaí taobh amuigh níos sábháilte ná ócáidí taobh istigh gur féidir leis an víreas leathadh aon áit a dtagann daoine le chéile. 

D'achainigh sé ar an bpobal arís gan a bheith réchúiseach ó thaobh na ceiste seo.