skip to main content

Cáineadh géar déanta ar phóilíní i Londain faoin méid a tharla ag bigil sa chathair aréir

Tharla achrann  idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag an mbigil neamhoifigiúil ag Clapham Common sa chathair aréir
Tharla achrann  idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag an mbigil neamhoifigiúil ag Clapham Common sa chathair aréir

Tá cáineadh géar déanta ar phóilíní Londain faoin mbealach ar laimhséail siad bigil aréir a bhí eagraithe i gcuimhne ar Sarah Everard.

Tharla achrann  idir na póilíní agus daoine a bhí i láthair ag an mbigil neamhoifigiúil ag Clapham Common sa chathair aréir.

 Tá tuairisc iomlán iarrtha ag Rúnaí Baile na Breataine Priti Patel faoin méid a thit amach ag an mbigil. 

D'fhreastail níos mó ná 1,000 duine ag an mbigil i gcuimhne ar Sarah Everard,  an bhean sna 30í a fuadaíodh agus a dúnmharaíodh.

Ghabh na póilíní ceathrar le linn na hoíche. 

Theastaigh ón lucht eagraithe go gcuirfí an bhigil ar ceal aréir mar gheall ar shrianta COVID-19, ach  níor tharla sé sin.  

Chosain oifigeach sinsearach sna póilíní an méid a tharla aréir agus dúirt go raibh ar na póilíní gníomhú ar mhaithe le daoine a choineáil slán sábháilte.

Inné i Londain, Shasana, tugadh Wayne Couzens, atá 48 bliain d'aois, os comhair cúirte, dá chéad éisteacht chúirte. 

Tugadh Wayne Couzens os comhair na cúirte inné

Cúisíodh an póilín oíche Dé hAoine as Sarah Everard a  fhuadach agus a dhúnmharú. 

Sa chúirt inné cuireadh Wayne Couzens siar faoi choinneáil. Tabharfar os comhair na cúirte arís é Dé Máirt seo chugainn.

An póilín Wayne Couzens sa gcúirte inné

Dé hAoine dhearbhaigh na póilíní i Sasana gurb é corp Sarah Everard a fuarthas i Kent, lasmuigh de Londain.

Bhí sí ar iarraidh le 9 lá.

Fuarthas corp Sarah Everard, (33) le linn na seachtaine i gceantar coille in Ashford

Thángthas ar an taisí daonna i gceantar coille in Ashford le linn na seachtaine.

Chonacthas Sarah Everard, (33) go deiridh ag siúl abhaile ó arasán chara léi i ndeisceart Londain ar an gCéadaoin, 3 Márta.