I Londain, Shasana, tugadh Wayne Couzens, atá 48 bliain d'aois, os comhair cúirte maidin inniu, dá chéad éisteacht chúirte. 

An póilín Wayne Couzens

Cúisíodh an póilín aréir as bean sna 30í a  fhuadach agus a dhúnmharú. 

Sa chúirt inniu cuireadh Wayne Couzens siar faoi choinneáil. Tabharfar os comhair na cúirte arís Dé Máirt seo chugainn.

Tugadh Wayne Couzens, atá 48 bliain d'aois, os comhair cúirte i Londain maidin inniu

Inné dhearbhaigh na póilíní i Sasana gurb é corp Sarah Everard a fuarthas i Kent, lasmuigh de Londain.

Bhí sí ar iarraidh le 9 lá.

Thángthas ar an taisí daonna i gceantar coille in Ashford le linn na seachtaine.

Bhí Sarah Everard (33) ar iarraidh le 9 lá

Chonacthas Sarah Everard, (33) go deiridh ag siúl abhaile ó arasán chara léi i ndeisceart Londain ar an gCéadaoin, 3 Márta.