I Londain, Shasana, tugadh Wayne Couzens, atá 48 bliain d'aois, os comhair cúirte maidin inniu, dá chéad éisteacht chúirte.
Cúisíodh an póilín aréir as bean sna 30í a fhuadach agus a dhúnmharú.
Sa chúirt inniu cuireadh Wayne Couzens siar faoi choinneáil. Tabharfar os comhair na cúirte arís Dé Máirt seo chugainn.
Inné dhearbhaigh na póilíní i Sasana gurb é corp Sarah Everard a fuarthas i Kent, lasmuigh de Londain.
Bhí sí ar iarraidh le 9 lá.

Thángthas ar an taisí daonna i gceantar coille in Ashford le linn na seachtaine.
Chonacthas Sarah Everard, (33) go deiridh ag siúl abhaile ó arasán chara léi i ndeisceart Londain ar an gCéadaoin, 3 Márta.